16/02/2015
Ag dul chun an mhargaidh....Ceardlann i gCumadh Formaidí Theilifíse agus Cur i Láthair
Á chur in eagar ag CeangalG, le tacaíocht ó Chiste Chraoltóireacht na Gaeilge, TG4, MG Alba.
Going to Market - Format and Pitching Opportunity ing
Organised by CeangalG with support from ILBF, TG4, MG Alba
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste. 25/26 Feabhra 2015.
Údar
Má tá fonn orthu dul chun tosaigh i margaí atá thar a bheith iomaíoch, ní mór do chomhlachtaí atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge/na Gaidhlige snás a chur ar a dtuairimí do chláracha agus a dtograí a chur i láthair go h-eifeachtach do cheannaitheoirí.
Tá forbairt fhormaidí nua theilifíse ag tabhairt rochtain níos mó do chomhlachtaí ar mhargaí nua ar fud na cruinne níos mó. Is féidir le comhlacht beag in iarthar na hÉireann, i mBéal Feirste nó ar OIleán Leodhais a gcuid earraí a chur taispeantas sa mhargadh domhanda, mar atá á dhéanamh ag a gcomh-iomaitheoirí domhanda.
Tá forbairt déanta ag CeangalG ar an imeacht seo tar éis dul i bpáirt le craoltóirí - TG4 agus MG Alba. Tá sé deartha chun oiliúint a chur ar lucht na páirte sna scileanna riachtanacha le go mbeidh siad ábalta formaidí a fhorbairt ar féidir leo ansan iad a chur i lathair do na meáin is giorra doibh agus, de réir mar is cuí, ag aonaigh theilifise idirnáisiúnta ar nós MIP TV.
Tá dhá chuid leis an imeacht seo.
Formaidí Theilifíse le Justin Scroggie. (pic thíós)
Sa cheardlann seo bainfidh lucht na páirte leas as shaineolas ‘Guru’ na bhformaidí, Justin Scroggie. Tabharfaidh seisean a léargas údarásach ar cheisteanna ábharthacha:
Céard is Formaid ann - agus cén rud nach n-oibreoidh...
Tuairimí: Conas iad seo a fhorbairt le formaid den scoth a chur ar fáil?
An Craiceann is a luach: conas formaid den scoth a fhorbairt le dea smaoineamh.
Má tá gabhar le díol agat, bí i lár an aonaigh leis.
Beidh ionadaithe na gcraoltóirí, TG4. BBC Thuaisceart Éireann agus MG Alba, mar aon leis an mhaoinitheoir, Ciste Craoltoíreacht na Gaeilge, i láthair do sheisiún eolais ar an 26 Feabhra agus tabharfaidh siad dúshlán do na comhlachtaí i lathair formad a fhorbairt agus a chur i láthair ar son smaoineamh le h-aghaidh sraith theilifise atá siad faoi láthair ag iarraidh a fhorbairt.
Tá spásanna ar fáil ar an gcúrsa saor in aisce seo. Is féidir leat do d’áit a chur in áirithe nó breis eolais a fháil ach teagmháíl le Fionbar Ó Baoill, Bainisteoir OIliúna, CeangalG.
fionbar@ceangalg.net