Óga Yoga Tv
Féach ár bhfíseáin nua ar YouTube @ Óga Yoga TV bit.ly/Corpoideachas3
Freastalaíonn Óga Yóga ar dhaoine ar gach aois ghrúpa ar mhaith leo tabhairt faoin eispéireas ióga trí mheán na Gaeilge.
Cuidíonn ióga go mór le daoine chun dul i ngleic le dúshláin laethúla an tsaoil agus forbraíonn sé cothromaíocht idir aigne, corp agus spiorad.
Tá tábhacht le seo níos mó ná riamh agus srianta orainn go léir toisc an pandéimic. Le dul i ngleic le seo tá Óga Yoga TV tosaithe againn ar Youtube. Féach roinnt físeáin poiblí agus bí i dteangmháil má tá fonn ort teacht ar fhíseáin ar leith dírithe ar pháistí do scoile nó fostaithe d’eagríocht!
Déan teagmháil linn ag 0867224987 nó trí r-phoist a sheoladh chuig yogaasgaeilge@gmail.com.
I measc na buntáistí fiseolaíochta agus síceolaíocha a aithnítear go forleathan ná:
• Méadú ar tónas matán, solúbthacht, láidreacht agus sithiúlacht
• Laghdú ar strus, teannas agus ramhar
• Méadú ar féinmheas, díriú aigne agus cruthaitheacht
• Córas imdhíonachta agus imshruthú fola níos éifeachtaí
• Folláin agus suaimhneas ginearálta níos airde
I láthair na huaire tá Óga Yóga ag cur cúrsaí ióga ar fáil do scoileanna, d'ollscoileanna agus d'óg-eagraíochtaí chomh maith leis an ngnáth pobail.
Namaste