12/01/2026
Delighted to be asked to do a little Brídeog making ceremony at An Gailearaí, Gweedore
Agus muid ag déanamh réidh do Lá Fhéile Bríde, cruinneoidh muid le chéile chun ár mBrídeog féin a chruthú. Socróimid rún dúinn féin agus ansin déanfaimid bábóg bheag shimplí a choinneoidh an rún sin dúinn i rith na bliana.
Is féidir an Brídeog a dhéanamh as ábhair eagsúla agus níl aon scileanna speisialta de dhíth. Úsáidtear luachair, bataí agus blúirí fabraice go coitianta. Cuirfear roinnt ábhar ar fáil ach tabhair leat aon ábhair ar mhaith leat a úsáid i do Bhrídeog.Is fearr ábhair nádúrtha, mar sin má tá fabraic á tabhairt agat roghnaigh cadás, síoda nó olann, más féidir. Ceanglóidh, fillteoidh, fífidh, fuafaidh nó greamóidh muid ár n-ábhair le chéile chun ár mbábóg a chruthú, mar sin ná bíodh imní ort mura bhfuil aon scileanna fuála agat.Is ceardaíocht shimplí í seo ar féidir le duine ar bith a dhéanamh.
Is imeacht saor in aisce ach chur áit in áirithe ar 0874883771 nó angailearaidonegal@gmail.com
- - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - -
In preparation for Brigid's Day, we gather to create our Brídeog. We will each set an intention and then make a simple, wee doll, which will hold that intention for us throughout the year.
The Brídeog can be made from a variety of materials and no special skills are required. Rushes, sticks and scraps of fabric are commonly used. Some materials will be provided but do bring along any materials you would like to use in your Brídeog. Natural materials are best, so if you're bringing fabric go for cotton, silk or wool, if possible. We will tie, wrap, weave, sew or stick our materials together to create our doll, so don't worry if you don't have any sewing skills. This is a simple craft which anyone can do.
This is a free event but please book your spot at 0874883771 or angailearaidonegal@gmail.com